Turas go Scoil Cheoil an Earraigh 2025

Gach bliain téann grúpa daoine óga ó Uíbh Ráthach go Corca Dhuibhne chun freastal ar Scoil Cheoil an Earraigh. I mbliana beidh an Scoil ar siúl ar 19-23 Feabhra.

Tá an turas oscailte do dhaoine óga ón 6ú rang bunscoile go dtí an 3ú bliain meánscoile.

Sonraí an turais:

  • Beidh beirt de na tuismitheoirí ag teacht leis an ngrúpa.

  • Beidh an grúpa ag fanacht le bean an tí i gCeann Trá.

  • Beidh bricfeasta, lón agus dinnéar ar fáil le bean an tí.

  • Beidh bus ar fáil chun an grúpa a thabhairt ó Uíbh Ráthach go Corca Dhuibhne agus ar ais.

Sceideal an lae:

  • Beidh na seisiúin cheoil ar siúl 10:00-13:00.

  • Beidh imeachtaí eagraithe ag Coláistí Chorca Dhuibhne a bheidh ar siúl tar éis na ranganna. 

  • €150 praghas an turais an duine

  • Clúdaíonn an praghas: an lóistín, an bus agus imeachtaí tar éis na ranganna ceoil. 

Cláraíonn na tuismitheoirí féin do na ranganna ceoil ar shuíomh idirlín an Scoil Cheoil www.scoilcheoil.com. Tá cód againn i gcomhair lascaine 10% agus seolfaimid chugat é nuair a chláróidh tú don turas.

Molaimid na ranganna a chur in áirithe chomh luath agus is féidir tar éis clárú don turas.

Brí Uíbh Ráthaigh