Cúrsa Máistreachta le DCU in Uíbh Ráthach 2025
SEISIÚN EOLAIS 1 Aibreán 17:30 ar líne
Is féidir CÚRSA MÁISTREACHTA le DCU a dhéanamh IN UÍBH RÁTHACH.
Teideal an chúrsa: BAINISTÍOCHT AGUS GNÓ DIGITEACH.
Páirtaimseartha: 5 lá sa téarma, i.e. 2 dheireadh seachtaine in Uíbh Ráthach + Satharn amháin i mBaile Átha Cliath
Cúrsa de chuid DCU le rith in Uíbh Ráthach in 2025-2027.
Cúrsa iarchéime, Leibhéal NFQ: 9
Páirtaimseartha, 2 bhliain
Gach seiméastar beidh na ranganna ar siúl 3 huaire:
· 2 dheireadh seachtaine in Uíbh Ráthach;
· Satharn amháin ar an gcampas i mBaile Átha Cliath.
Ualach oibre
Tá 3 mhodúl in aghaidh an tseimeastair (3 dheireadh seachtaine).
Tá 2 thasc ag gach modúl (tasc beag agus tasc mór): mar sin, 6 thasc le críochnú (de gnáth).
Déantar na tascanna ar líne/sa bhaile (i d’am féin).
Is féidir dioplóma nó teastas a bhaint amach más mian le mic léinn an cúrsa a fhágáil go luath.
Gach bliain, bíonn daoine atá fostaithe go lánaimseartha i mbun an chúrsa.
Baintear leas as foghlaim thascbhunaithe go mór san MSc mar sin is féidir nasc a chruthú idir na tascanna measúnaithe agus an obair atá ar súil ag an mac léinn.
Sprioc an chúrsa
Tá sé mar aidhm ag an MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach mic léinn a ullmhú le bheith ag obair mar theicneolaithe, bainisteoirí, oideachasóirí, fiontraithe agus nuálaithe — róil a bhfuil an-tóir orthu i ngeilleagar faisnéise an lae inniu.
Cuirtear an cúrsa seo ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Tuilleadh eolais faoin gcúrsa:
Eolas ar leathanaigh an chúrsa ar shuíomh idirlín DCU
Táille: €4,300 sa bhliain.
Táille DO MHUINTIR UÍBH RÁTHAIGH: €2,150 sa bhliain, trí thacaíocht ó Bhrí Uíbh Ráthaigh, ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta.
Tacaíocht eile airgeadais:
Má tá tú i do chónaí i gceantar Gaeltachta eile, bí i dteagmháil le do Oifigeach Pleanála Teanga áitiúil chun fáil amach faoin tacaíocht is féidir leo a chur ar fáil duit chun freastal ar an gcúrsa seo:
Corca Dhuibhne: Barry Ó Siochrú, OPT le 'Tobar Dhuibhne’, 066 9156 100, 087 376 9538, opt@cfcd.ie;
Daingean Uí Chúis: Cristín de Mórdha, OPT le ‘Dúchas an Daigin’, 087 700 4884, optduchasandaingin@gmail.com;
Múscraí: Eibhlín Ní Lionáird, OPT Mhúscraí, (026) 40877, 083 0914719, opt@muscrai.org;
Cléire: Ruairí Ó Donnabháin, OPT Chléire, 0871412325, ruairiodonnabhainopt@gmail.com.
Tá Cumann Lúthchleas Gael na Mumhan ag cur deontas €750 sa bhliain ar fáil do dhuine i gCúige Mumhan ar mhaith leis nó léi an cúrsa seo a dhéanamh agus a shásódh na critéir atá ag CLG na Mumhan. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag Oifigeach Gaeilge CLG na Mumhan Aedín Ní Bhriain ag aedin.ni.bhriain.munster@gaa.ie;
Tá Oifig na Gaeilge, Comhairle Contae Chiarraí, ag cur deontas €750 sa bhliain ar fáil do dhuine i gCiarraí a chláraíonn don chúrsa seo agus a shásódh na critéir atá ag Oifig na Gaeilge. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag an Oifigeach Gaeilge, Comhairle Contae Chiarraí, Aodán Mac Gearailt ag aodan.macgearailt@kerrycoco.ie.
Tuilleadh eolais faoi thacaíocht ó Bhrí Uíbh Ráthaigh:
Ríomhphost: pleanteangaur@gmail.com
Guthán: 087 2153671
TÁBHACHTACH
Cuirfear an cúrsa seo ar siúl in Uíbh Ráthach má bhíonn dóthain daoine cláraithe don chúrsa.
Tá sé tábhachtach ag an bpointe seo, dá bharr, spéis a léiriú ag líonadh an fhoirm seo le do thoil.
Ní hionann an fhoirm seo a líonadh agus clárú don chúrsa, níl anseo ach léiriú spéise sa chúrsa. Ach tá sé tábhachtach go mbeadh tuiscint éigin againn ó thaobh líon na ndaoine go mbeadh suim acu sa chúrsa.