Folúntas: Comhordaitheoir ‘Cumas Ceantar’, Gaeltacht Uíbh Ráthaigh
Tá Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh ag iarraidh Comhordaitheoir a fhostú don togra ‘Cumas Ceantar’ i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh. Tionscnamh forbartha ealaíon faoi stiúir an phobail de chuid na Comhairle Ealaíon is ea an tionscadal ‘Cumas Ceantar’ agus tá tacaíocht á fáil aige in Uíbh Ráthach ón gComhairle Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta, Comhairle Contae Chiarraí agus Plean Teanga Uíbh Ráthaigh, ag obair i gcomhpháirt le Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh agus Éigse na Brídeoige.
Tuilleadh eolais ag www.uibhrathach.ie.